Tugann an tAire Coveney aitheasc do mhic léinn Ollscoil Luimnigh agus do phríomhpháirtithe leasmhara faoi “Éire 2040 – Ár bPlean”

Agus é i láthair i Scoil na hAiltireachta, Ollscoil Luimnigh, inniu (Dé Máirt, 14 Márta) lorg an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Simon Coveney, tuairimí maidir le hullmhú an chreata um pleanáil agus forbairt straitéiseach d’Éirinn idir seo agus 2040.

Agus é in Ollscoil Luimnigh, ghlac an tAire Coveney páirt i ndíospóireacht phainéil leis na mic léinn, ar a ndearna Shane Coleman cathaoirleacht. Agus é á spreagadh siúd a bhí i láthair, na mic léinn go háirithe, chun a dtuairimí maidir le ‘Éire 2040 – Ár bPlean’ a chur in iúl, dúirt an tAire leo gur “pribhléid dom a bheith anseo inniu i Luimneach, cathair ag a bhfuil oidhreacht thógtha shaibhir. Is cathair é Luimneach a d’fhéach chun tosaigh i gcónaí, bíodh sin le linn phleanáil na cathrach Seoirsí san 18ú haois nó le linn thógáil Ard na Croise san 20ú haois. Is áit é Luimneach ina bhfuil samhlaíocht mhór maidir leis méid a d’fhéadfaí a bhaint amach amach anseo.
Mar chuid den chruinniú leis na mic léinn bhí díospóireacht le painéal ar a raibh mic léinn ó Scoil na hAiltireachta, ó Dhearadh Táirgí, ó Scoil Ghnó Kemmy, ón bPolaitíocht agus Riarachán Poiblí, agus ó Aontas Mac Léinn na hOllscoile. Dúirt an tAire leis an lucht féachana:

“Ní féidir an cineál áite a bheidh in Éirinn sa bhliain 2040 a thuar go cinnte ach mar gheall ar nádúr fadtéarmach na pleanála straitéisí beidh feidhm dhíreach ag na roghanna agus na cinntí a dhéantar anois ar na torthaí a bheidh le feiceáil amach anseo. Anois a chaithfimid machnamh a dhéanamh ar an todhchaí fhadtéarmach i ngach cearn den oileán seo agus conas pleanáil a dhéanamh don todhchaí sin. Mar gheall ar dhul chun cinn leanúnach beidh orainn bealaí nua a aithint chun leas a bhaint as feidhmíocht fheabhsaithe le go mbainfear amach torthaí a dhéanfaidh difríocht ar an leibhéal náisiúnta.

Tá fíorthábhacht ag baint le bhur dtuairimí maidir le cén sórt cuir chuige nua a bheidh ann chun spriocanna tábhachtacha déimeagrafacha, sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach, amhail aghaidh a thabhairt ar chomaitéireacht, míbhuntáiste shóisialta, freagairt a thabhairt ar athrú aeráide, agus go leor saincheisteanna tábhachtacha eile. Tá súil agam go gcuirfidh sibhse, mic léinn eile na hollscoile, bhur muintir agus bhur bpobail, bhur dtuairimí in iúl agus b’fhéidir go dtabharfaidh sibh spreagadh dóibh é sin a dhéanamh.”

Tá an tAire Coveney i gceannas ar an bhfoireann idir-rannach ardleibhéal atá i mbun an plean ‘Éire 2040’ a fhorbairt, agus ghlac sé an deis chun na saincheisteanna ar a mbeidh ullmhú an phlean dírithe a leagan amach:

  • Méadú de thart ar 1 mhilliún duine ar an daonra náisiúnta;
  • Níos mó ná aon chúigiú de dhaonra iomlán na hÉireann os cionn 65 bliain d’aois;
  • 500,000 duine breise i mbun oibre;
  • 500,000 áit chónaithe ag teastáil i bhfad níos cóngaraí do sheirbhísí agus áiseanna; agus
  • Athbheochan a chur faoi shaol tráchtála agus saol an phobail i gcroílár ár gcathracha agus ár mbailte agus buanna éagsúla ár bpobal tuaithe a chosaint

“Táimid ag lorg tuairimí ón bpobal anois maidir le cad iad na saincheisteanna, agus conas is féidir linn, le chéile, aghaidh a thabhairt ar shraoilleáil uirbeach agus forbairt mhíchothrom, úsáid níos fearr a bhaint as féidearthachtaí na gceantar uirbeach agus tuaithe araon agus plódú agus tionchair dhíobhálacha ar shaol daoine agus ar an timpeallacht a sheachaint.”

Tá na sonraí go léir ar fáil ag www.ireland2040.ie agus iarrtar ar an bpobal a thuairimí tosaigh a chur in iúl faoin 31 Márta. Bainfear úsáid an na tuairimí sin chun dréachtchóip den Phlean a ullmhú, agus is dócha go n-eiseofar é chun tuilleadh comhairliúcháin a fháil roimh an samhradh. Nuair a bheidh tuairimí an phobail curtha san áireamh an athuair, is dócha go gcuirfear leagan deiridh den phlean faoi bhráid an Rialtais san fhómhar.

FLean muid ar Twitter @ire2040 #Ireland2040

Cad é an Creat Náisiúnta Pleanála?

Sa Chreat Náisiúnta Pleanála – “Éire 2040 – Ár bPlean” – leagfar amach comhthéacs nua straitéiseach pleanála agus forbartha d’Éirinn agus a réigiúin go léir as seo go dtí 2040, agus leagfar amach creat straitéiseach ardleibhéil chun comhordú a dhéanamh ar raon beartas agus gníomhaíochtaí, pleanála agus infheistíochta de chuid na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

Is tráthúil go bhfuil an creat á fhorbairt anois mar gheall ar an ngá le plean fadtéarmach le haghaidh fás inbhuanaithe, ós rud é go bhfuil an t-airgead náisiúnta cobhsaithe againn agus go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn suntasach i réimsí a bhaineann le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta, d’ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann le cúrsaí difriúla ar nós an Bhreatimeachta.

Mar gheilleagar rathúil dinimiciúil oscailte ag a bhfuil naisc mhaithe soir-siar agus ó thuaidh-theas leis an Ríocht Aontaithe, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus ar fud an domhain, tá gá le creat nua le teacht i ndiaidh na Straitéise Spáis Náisiúnta, a bhain leis na blianta 2002-2020, agus ní mór tógáil ar thionscnaimh Rialtais in earnálacha éagsúla agus iad a tharraingt le chéile, i réimsí amhail tithíocht (Éire a Atógáil), fadhbanna tuaithe (an Plean Gnímh d’Fhorbairt Tuaithe), fostaíocht (an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Post) agus go leor eile.

Go praiticiúil, tabharfaidh an Creat Náisiúnta Pleanála treoir beartais ríthábhachtach nua ar an méid seo a leanas, i measc raon saincheisteanna eile:

  • Soláthar a dhéanamh do threochtaí agus fás sa todhchaí i dtaca le fostaíocht agus tithíocht;
  • An bealach is éifeachtaí gur féidir le gach réigiún in Éirinn ról iomlán a imirt san fhorbairt náisiúnta fhoriomlán;
  • Meascán ceart de bhonneagar fisiciúil agus sóisialta a chur ar fáil sna réigiúin in ord tosaíochta laistigh de na hacmhainní atá ar fáil;
  • Forbairt níos glaine agus níos inbhuanaithe a dhéanamh; agus
  • Na deiseanna atá ann i gcomhar cur chuige forbartha uile-oileáin a neartú.
  • Mar straitéis, aithneofar sa Chreat na pointí is fearr le comhordú beartais agus infheistíocht stuama a chur le chéile ar fud an Rialtais, idir lár-Rialtas agus rialtas áitiúil, chun na torthaí is fearr a sheachadadh dár dtír ina hiomláine agus do na réigiúin.

Tabharfaidh an Creat Náisiúnta Pleanála aghaidh ar threochtaí atá ag teacht chun cinn amhail:

  • Daonra a d’fhéadfadh méadú faoi anuas ar 1 mhilliún, agus a mbeidh aon chúigiú de os cionn 65 faoi 2040;
  • 500,000 duine breise ag obair, agus jabanna ardscileanna ag go leor acu. Tá sé de chlaonadh na jabanna seo a chruinniú le chéile sna cathracha agus ina dtimpeall;
  • 500,000 áit chónaithe bhreise ar a laghad ag teastáil cóngarach do sheirbhísí agus áiseanna; agus
  • An chaoi a ndéanaimid pleanáil d’fhorbairt amach anseo agus an chaoi a ndéanaimid bainistiú ar an bhforbairt atá ann faoi láthair lena chinntiú go dtugaimid aghaidh ar dhúshláin chomhshaoil amhail aerchosaint, cáilíocht uisce, bithéagsúlacht agus athrú aeráide, ár gcórais iompair agus fuinnimh a athrú ó spleáchas ar bhreoslaí iontaise i dtreo fuinneamh glas

Tabharfaidh an Creat Náisiúnta Pleanála aghaidh ar na treochtaí a léiríonn, mura ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach eile, gur ar thaobh thoir na tíre a bheidh thart ar thrí cheathrú den daonra agus de na tithe breise, go leor de cruinnithe timpeall ar ár bpríomhchathair, cé nach gá go dtarlódh sé laistigh den chathair féin. Beidh leathadh amach na n-ollcheantar tithíochta, ar ceantair iad atá ag éirí níos do-bhainistithe an t-am ar fad, fostaíocht scaipthe agus comaitéireacht charrbhunaithe, níos measa mar thoradh air sin. Cruthófar dúshláin mhóra i dtaca le forbairt mhíchothrom, acmhainn tearcúsáidte, plódú agus tionchair dhíobhálacha ar shaol daoine agus ar an timpeallacht.

Go deimhin, tá go leor fianaise ann a thugann le fios go ndéanfadh cur chuige míchothrom i dtaca leis an bhforbairt náisiúnta straitéiseach dochar do-athraithe do dheiseanna níos leithne na hÉireann ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil de. Dá bhrí sin, tabharfar aghaidh sa Chreat ar leathadh amach Bhaile Átha Cliath mar príomhinneall fáis vis-á-vis ligean d’áiteanna eile teacht chun cinn mar fhrithchothromaíocht inchreidte, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a leanas;

Tithíocht

Beidh thart ar idir 25,000 agus 30,000 áit chónaithe nua ag teastáil gach bliain le freastal ar riachtanais na ndaoine i gcomhar tithíocht dea-lonnaithe inacmhainne, agus beidh níos mó gá le freastal ar theaghlaigh nach bhfuil iontu ach duine amháin nó beirt, nó ina bhfuil daoine níos sine. Ó thaobh tithíochta de, is minice go mbíonn nasc idir fostaíocht agus tithíocht na laethanta seo, agus má bhíonn tithíocht suite cóngarach don fhostaíocht bíonn sé níos fusa plódú agus comaitéireacht a mhaolú agus níos fusa seirbhísí agus bonneagar a chur ar fáil.

Fostaíocht

Teastóidh scileanna níos airde do na jabanna a bheidh ar fáil agus is dócha go n-athróidh daoine a bpost níos minice. Tá dhá mhilliún duine ag obair in Éirinn agus tá fianaise ann lena dtugtar le fios, in ainneoin dúshláin eacnamaíocha níos leithne agus treochtaí a tharla roimhe seo a chur san áireamh, go bhfuil an acmhainn ag Éirinn forbairt eacnamaíoch a bhaint amach sa chaoi go bhféadfadh 500,000 duine breise bheith ag obair faoi 2040, agus go bhféadfadh go mbeadh go leor de na jabanna sin cruthaithe inár gcathracha agus bailte, nó cóngarach dóibh.

Bonneagar

Seirbhísí agus Áiseanna: Chun forbairt inbhuanaithe ár dtíre a chinntiú caithfimid pleanáil a dhéanamh do na háiseanna oideachais, sláinte agus pobail a bhfuil níos mó tábhachta ag baint leo an t-am ar fad i dtaobh chaighdeán na beatha agus folláine phearsanta, chomh maith le pleanáil a dhéanamh i gcomhair an bhonneagair fhisiciúil thraidisiúnta “riachtanaigh” amhail seirbhísí uisce, iompar, cumarsáid, leathanbhanda agus córais fuinnimh.

Áit

Is cuid lárnach de bheartas fiontraíochta na hÉireann faoin bPlean Gníomhaíochta um Poist é cruthú áite. Aithnítear níos mó agus níos mó go bhfuil an-tábhacht ag baint leis chun éiceachórais eacnamaíocha a chruthú i gceantair uirbeacha agus thuaithe, áiteanna inar mhaith le daoine maireachtáil agus obair, ina bhfuil go leor fostaithe oilte, rogha leathan de thithíocht dea-lonnaithe agus roghanna fostaíochta, chomh maith le raon leathan de dheiseanna eile maidir le ‘nós maireachtála’, áiseanna fóillíochta agus roghanna siamsaíochta agus cultúrtha éagsúla ina measc. Tá seo feicthe in Éirinn againn cheana féin le hathbheochan limistéar dár gcathracha ar nós Cheantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath agus beocht agus tarraingt cathracha áirithe amhail Gaillimh agus Corcaigh chomh maith le ceantair thuaithe rathúla. Le déanaí, leagadh béim ar na ceantair seo sa Phlean Gnímh d’Fhorbairt Tuaithe.

Is léir ó áiteanna rathúla, idir bheag agus mhór, idir uirbeach agus tuaithe, in Éirinn agus thar lear, gur féidir áiteanna nach bhfuil ag éirí rómhaith leo a fheabhsú agus gur féidir iad a iompú ina n-áiteanna tarraingteacha trí phleanáil agus infheistíocht stuama atá bunaithe ar bheartais agus spriocdhírithe.

Seachadadh

Beidh sé tábhachtach foghlaim ón Straitéis Spáis Náisiúnta a bhí ann roimhe seo, a seoladh in 2002 agus a raibh torthaí measctha leis ó thaobh an méid a baineadh amach. Cé gur tugadh isteach athchóirithe pleanála agus gur spreagadh infheistíocht chaipitil i réimsí amhail iompar, seirbhísí uisce agus tithíocht faoin Straitéis Spáis Náisiúnta, níor baineadh barr a hacmhainne amach mar chreat d’fhorbairt mar gheall ar easpa forfheidhmithe agus mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch a tharla sa bhliain 2008. Go dtí gur éirigh le gníomhaíochtaí leanúnacha Rialtais cinniúint eacnamaíoch ár dtíre a bhaint amach níorbh fhéidir linn smaoineamh fadtéarmach a dhéanamh, rud is féidir a dhéanamh anois.

Doiciméad straitéiseach, gearr a bheidh sa Chreat Náisiúnta Pleanála, ina leagfar amach gníomhaíochtaí, freagrachtaí agus amlínte soiléire a bheidh in ann dul i ngleic le cúinsí eacnamaíocha athraitheacha, de bharr tosca seachtracha ar nós an Bhreatimeachta nó tosca eile.


Cad a tharlóidh mura ndéanfaimid dada?

Mura ndéanfaimid aon rud difriúil agus má leanaimid sa chaoi chéanna agus atá déanta againn le fiche bliain anuas, tá sé nach mór cinnte go mbeidh na torthaí céanna le feiceáil thar an chéad fiche bliain eile amach romhainn – bóithre agus lárionaid chathrach plódaithe, bruachbhailte fairsinge agus ceantair thuaithe a bheidh faoi scáil Chósta an Oirthir agus ceantair sna réigiúin nach mbaineann a n-acmhainn amach, rud a chiallóidh:

Beidh an iomarca tionchair ag Baile Átha Cliath i gcónaí agus beidh an baol ann go mbeidh borradh rómhór faoi agus go slogfaidh sé níos mó agus níos mó den fhorbairt náisiúnta fhoriomlán, ag leathadh amach san contaetha máguaird i gCúige Laighean; Beidh fás i ndán do chathracha réigiúnacha amhail Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge ach ní ar an scála is gá chun an bhearna idir iad agus Baile Átha Cliath a dhúnadh; Coinneoimid linn ag tógáil ár dtithíochta níos faide agus níos faide ón áit a mbíonn na jabanna go hiondúil, mar gheall ar threochtaí idirnáisiúnta agus eacnamaíocha níos leithne sna ceantair uirbeacha agus sna ceantair thuaithe atá buailte ar na cathracha; Bíonn costais níos airde agus tionchair ag baint leis sin ó thaobh comaitéireachta, seirbhísí a chur ar fáil, sláinte daoine agus an chomhshaoil; agus

Beidh bánú i ndán do go leor bailte agus sráidbhailte faoin tuath agus dá gceantair máguaird atá lasmuigh de na cathracha agus na bailte móra agus nach bhfuil in aice le ceantair mhóra thurasóireachta ar nós Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Ní chomhlíonfar luachanna agus spriocanna náisiúnta comónta leis an gcur chuig ‘Gnó Mar is Gnách’, luachanna agus spriocanna ar nós geilleagar agus áit trádála oscailte iomaíoch a choinneáil, caighdeán maireachtála maith a chinntiú do gach saoránach, pobail bheo, fháilteacha, shábháilte a chruthú, sláinte agus folláine ar feadh an tsaoil a chinntiú agus ár n-oibleagáidí timpeallachta agus spriocanna astaíochtaí carbóin a chomhlíonadh.


ABealach Eile

Beidh dréacht den Chreat Náisiúnta Pleanála ar fáil i gcomhair babhta eile de chomhairliúchán poiblí tar éis na Cásca sula mbreathnóidh an Rialtas, agus an tOireachtas ina dhiaidh sin, air den uair dheireanach (ceann de na príomh-mholtaí ó Bhinse Mahon) níos déanaí in 2017. Ina dhiaidh sin, beidh an Creat ar an bplean is airde sa phróiseas pleanála in Éirinn agus maidir le:

  • Bealach a leagan amach maidir le forbairt inbhuanaithe Bhaile Átha Cliath, le go mbeidh sé ar comhchéim leis an gcuid eile den tír agus ní i bhfad chun tosaigh air;
  • Bealaí a shainaithint chun an acmhainn tearcúsáidte sna cathracha réigiúnacha a bhaint amach trí shainbheartais stuama agus infheistíocht mar fhrithchothromaíocht bhreise náisiúnta/idirnáisiúnta ar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath;
  • A chinntiú go mbaintear an úsáid is fearr is féidir as an acmhainn ollmhór atá le fáil i gceantair thuaithe ár dtíre, gnéithe talún agus muirí san áireamh.
  • Thairis sin, beidh an Creat ag féachaint amach freisin, ag aithint na ndeiseanna atá ann le bheith ag obair ar bhonn uile-oileáin (le Tuaisceart Éireann), chomh maith le bonn soir-siar laistigh de limistéar níos leithne na Ríocht Aontaithe, an Aontais Eorpaigh agus sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus i gcomhpháirt le creataí pleanála náisiúnta na ndlínsí béal dorais i dTuaisceart Éireann, in Albain agus sa Bhreatain Bheag.

Cad a tharlaíonn anois?

Foilsíodh páipéir chomhairliúcháin an 2 Feabhra do shaoránaigh, eagraíochtaí leasmhara, comhlachtaí poiblí, go deimhin duine ar bith ag a bhfuil spéis i dtodhchaí ár dtíre agus atá toilteanach a dtuairimí a roinnt, chun bonn eolais a chur faoi chruthú an Phlean Creata nua seo agus páirt a ghlacadh ann. Ina dhiaidh sin reáchtálfar sraith d’imeachtaí réigiúnacha agus de ghníomhaíochtaí cumarsáide a thacóidh le forbairt an phróisis le linn 2017.

Scroll to Top