Pictiúr tarraingthe ag níos mó ná 3,000 scoláire ar fud na tíre den chuma ar mhaith leo a bheith ar Éirinn sa bhliain 2040

Bhronn an tAire Simon Coveney duaiseanna inniu ar bhuaiteoirí an Chomórtais Náisiúnta Póstaer faoi ‘Éire 2040 – Ár bPlean’ leis na Scoileanna Glasa ag Searmanas Bronnta Gradam i dTeach an Chustaim, Baile Átha Cliath.

Tharraing níos mó ná 3,000 scoláire ó 255 scoil ó gach contae in Éirinn póstaer chun a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis an gcuma ar mhaith leo a bheadh ar Éirinn sa todhchaí. Bhí ardán ag leanaí agus ag daoine óga páirt a ghlacadh sa chéim comhairliúcháin ar fhorbairt Éire 2040 – Ár bPlean (An Creat Náisiúnta Pleanála).

Reáchtáil an tAonad um Oideachas ar an gComhshaol de chuid an Taisce i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an comórtas seo.

Bhí ríméad ar eagraithe an chomórtais faoi líon na bhfreagraí a fuair siad ó scoileanna ar fud na tíre agus chuaigh na smaointe agus an tallann a chuir na scoláirí in iúl sna póstaeir go mór i bhfeidhm orthu.

Bhí téamaí ar nós an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta an-choitianta agus bhí sé soiléir go dteastaíonn oideachas agus bonneagar sláinte ar ardchaighdeán uathu chomh maith. Tá sochaí atá éagsúil, cothrom agus ilchultúrtha ó na scoláirí freisin, ina bhfuil neart spáis i gcomhair áiseanna fóillíochta, páirceanna agus spásanna oscailte. Bhí saincheisteanna tráthúla, ar nós thoghadh Donald Trump, easpa dídine agus athrú aeráide le feiceáil ar neart póstaer chomh maith.

Ag labhairt dó faoi na póstaeir ag an imeacht, dúirt an tAire Coveney…

Tá Éire ag fás agus tá sí ag athrú. Is dócha go mbeidh leathmhilliún duine sa bhreis in Éirinn i gceann 20 bliain agus beidh níos mó tithe agus níos mó post ag teastáil uainn dóibh. Cén áit a mbeidh cónaí ar na daoine sin agus cén áit a n-oibreoidh siad? Conas a bhainfimid ár spriocanna maidir le fuinneamh amach? Teastaítear plean do thodhchaí na hÉireann. Tá sé ríthábhachtach dul i gcomhairle le saoránaigh óga maidir le todhchaí a dtíre nuair atáthar ag ullmhú an phlean seo agus tá tallann agus samhlaíocht na scoláirí le feiceáil go mór sna póstaeir den chéad scoth a fuaireamar. Déanfar machnamh ar na teachtaireachtaí a chuir na scoláirí in iúl sa chéad chéim eile de phleanáil an dréachtphlean seo.”

Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta gradam chomh maith, dúirt an Dr Michael-John O’Mahony a oibríonn leis an Taisce

“Bhí iontas agus ionadh orainn faoi mhéid agus caighdeán na n-iarratas a fuaireamar ó scoileanna ar fud na hÉireann agus bhí cinntí an-deacra ag na moltóirí buaiteoirí a roghnú.” Dúirt sé ina dhiaidh sin go mbeidh “forbairt agus fás na tíre slán má éistear le guthanna agus le smaointe ár ndaoine óga agus má chuireann cinnteoirí na moltaí sin i bhfeidhm.”

Ghabh an tAire Coveney a bhuíochas leis na tuismitheoirí, na múinteoirí agus na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas ag deireadh an tsearmanais bronnta gradam agus ansin leis an Aonad um Oideachas ar an gComhshaol de chuid an Taisce as comhoibriú leis an Roinn:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Taisce as a bheith díograiseach ag tacú leis an gcomórtas seo ón tús nuair a chuaigh mo Roinn i dteagmháil leo. Is fianaise é ar scoth na hoibre a dhéantar i scoileanna ar fud na tíre mar chuid de chlár na Scoileanna Glasa rannpháirtíocht agus suim na scoláirí sa chomórtas seo.”

I measc na mBuaiteoirí Náisiúnta bhí Iulia Sirbu ó Scoil Náisiúnta San Labhrás, an Baile Gallda, Co. Chill Dara, a bhuaigh an chéad duais sa Chatagóir Náisiúnta do Dhaltaí Bunscoile Sóisearaí, Jennifer Nicholas ó Scoil Náisiúnta Naomh Mhochulla, an Tulach, Co. an Chláir, a bhuaigh an chéad duais sa Chatagóir Náisiúnta do Dhaltaí Bunscoile Sinsearaí agus Emily Miller ó Choláiste Naomh Leo, Ceatharlach, a bhuaigh an chéad duais sa Chatagóir Náisiúnta do Scoláirí Meánscoile.

Murar éirigh leat tuairisciú a fheiceáil ar an searmanas bronnta gradam a bhí ar News2Day ar RTÉ2, is féidir leat breathnú air anseo agus feicfidh tú an tAire Coveney ag bronnadh na ngradam ar na buaiteoirí uile a bhuaigh duais inár gcomórtais póstaer le Scoileanna Glasa faoi Éire 2040.

Tá na sonraí iomlána ar na buaiteoirí anseo:

Catagóir na Bunscoile Sóisearaí

Lár agus Oirthear na Tíre:

An dara háit: Pádraic Lambert (Rang a Dó, Scoil Náisiúnta Eachroma, Co. Loch Garman);
Buaiteoir: Iulia Sirbu (Rang a Dó, Scoil Náisiúnta San Labhrás, an Baile Gallda, Co. Chill Dara)

Tuaisceart agus Iarthar na Tíre:

An dara háit: Aisling McCartin (Rang a hAon, Scoil Náisiúnta Phádraig, Clóirtheach, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin);
Buaiteoir: Sky Johnston (Rang a Dó, Scoil Náisiúnta ‘Convoy Joint’, Co. Dhún na nGall)

Deisceart na Tíre:

An dara háit: Chloe Goggin (Rang a hAon, Scoil Náisiúnta Thrá Phraisce, Eadargóil, Beara, Co. Corcaí);
Buaiteoir: Joshua O’ Connor (Rang a Dó, Bunscoil Chroíst Rí, Corcaigh)

Catagóir na Bunscoile Sinsearaí:

Lár agus Oirthear na Tíre:

An dara háit: Jeanette Oseniece (Rang a Sé, Scoil Náisiúnta Naomh Seosaimh na Trócaire, an Uaimh, Co. na Mí);
Buaiteoir: Julita Karczewska (Rang a Trí, Scoil Mhuire, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí)

Tuaisceart agus Iarthar na Tíre:

An dara háit: Anastasia Hill (Rang a Sé, Scoil Náisiúnta na Buaile Bige, Ráthún, Gaillimh);
Buaiteoir: Sara O’ Beirne (Rang a Cúig, Scoil Náisiúnta Mhancháin, Maothail, Co. Liatroma)

Deisceart na Tíre:

An dara háit: Tamara Orosz (Rang a Sé, Scoil Náisiúnta Áth an Mhuilinn, Caladh an Treoigh, Co. Luimnigh);
Buaiteoir: Jennifer Nicholas (Rang a Sé, Scoil Náisiúnta Naomh Mhochulla, an Tulach, Co. an Chláir)

Catagóir na Meánscoileanna:

Lár agus Oirthear na Tíre:

An dara háit: Damian Kubik (Scoil na mBráithre Críostaí Naomh Aodáin, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9);
Buaiteoir: Viktoria Ferdzyn (Coláiste Eoin, Fionnghlas, Baile Átha Cliath)

Tuaisceart agus Iarthar na Tíre:

An dara háit: Sigrid Skoldberg (Coláiste Calasanctius, Órán Mór, Co. na Gaillimhe);
Buaiteoir: Hazel Ní Bheacháin (Coláiste Oiriall, Co. Mhuineacháin)

Deisceart na Tíre:

An dara háit: Cora Norton (Meánscoil Ursalach, Durlas, Co. Thiobraid Árann);
Buaiteoir: Emily Miller (Coláiste Naomh Leo, Ceatharlach)

Aitheantas Speisialta:

Scoil Naomh Ita, Droichead Átha, Contae Lú: Rang MS2: Oisin Matthew agus Katie Anderson; Rang P1: Blessed Odum agus Sam Murphy

Buaiteoirí Náisiúnta:

Catagóir na Bunscoile Sóisearaí:

Iulia Sirbu (Rang a Dó, Scoil Náisiúnta San Labhrás, an Baile Gallda, Co. Chill Dara)

Catagóir na Bunscoile Sinsearaí:

Jennifer Nicholas (Rang a Sé, Scoil Náisiúnta Naomh Mhochulla, an Tulach, Co. an Chláir)

Catagóir na Meánscoileanna:

Emily Miller (Coláiste Naomh Leo, Ceatharlach)

Facebook: Ire2040
Twitter: @ire2040
www.antaisce.org
Aisling McCartin
Anastasia Hill
Blessed Odum and Sam Murphy
Chloe Goggin
Cora Norton
Damian Kubik
Emily Miller
Hazel Ni Bheachain
Iulia Sirbu
Jeanette Oseniece
Jennifer Nicholas
Joshua O Connor
Julita Karczewska
Oisin Matthew and Katie Anderson
Padraic Lambert
Sara O Beirne
Sigrid Skoldberg
Sky Johnston
Tamara Orosz
Viktoria Ferdzyn
Scroll to Top