Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST)

SEA_Statement_cover
Ráiteas MST (Cliceáil chun féachaint ar an bhfoilseachán)

De réir mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht AE, thug an Rialtas faoi roinnt measúnuithe timpeallachta ar an dréacht-Chreat Náisiúnta Pleanála. Áirítear leo sin Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST), Measúnú Oiriúnachta maidir leis an Treoir maidir le Gnáthóga ón AE, agus Meastóireacht Straitéiseach maidir le Riosca Tuilte.

Tugadh aird ar na measúnuithe seo agus doiciméad an Chreata á thabhairt chun críche agus tá an doiciméad i gcomhréir le ceanglais Threoir 2001/42/CE maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (Treoir MST) mar a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Measúnacht Timpeallachta ar Phleananna Áirithe agus ar Chláir Áirithe) (I.R. Uimh 435 de 2004), arna leasú, agus leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 (I.R. Uimh. 436 de 2004), arna leasú.

Tá Ráiteas MST ag gabháil leis an gCreat deiridh, a chuireann eolas ar fáil maidir le próiseas cinnteoireachta an Chreata Náisiúnta Pleanála d’fhonn an bealach ina ndearnadh cinntí agus na cúiseanna ar roghnaíodh an plean nó clár a léiriú, i bhfianaise bealaí réasúnta eile, agus an próiseas a dhéanamh níos trédhearcaí dá bharr.

Tríd sin a dhéanamh, déanann an Ráiteas MST taifead ar an tionchar a d’imir na moltaí ón Tuarascáil Timpeallachta agus ón Ráiteas Tionchair Natura araon, chomh maith le tuairimí na ndreamanna reachtacha a ndeachthas i gcomhairle leo agus na haighneachtaí eile a fuarthas le linn an chomhairliúcháin, ar ullmhú an phlean dheiridh. Tugann an Ráiteas MST eolas chomh maith maidir leis na socruithe monatóireachta agus maolaithe a cuireadh i bhfeidhm.

Scroll to Top