Comórtas Scoileanna

An bhfuil tú ar Scoil?

Is féidir leat cur isteach ar ár gcomórtas póstaer agus roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan duit féin AGUS don scoil!
COMÓRTAS DÚNTA ANOIS

Gabhaimid buíochas le gach duine a chuir iarratas isteach ar ár gcomórtais. Fuaireamar níos mó ná 3,000 iarratas, go raibh míle maith agaibh! Féach ar na torthaí anseo.

Fógróidh an tAire Coveney buaiteoirí an chomórtais póstaer faoi Éire 2040 leis na Scoileanna Glasa a bhí ar siúl le déanaí ar an 3 Bealtaine agus buailfidh sé leo chomh maith, ach idir an dá linn ba chóir duit súil a chaitheamh ar na hiarratais iontacha a fuaireamar. Gabhaimid buíochas le gach duine agus gach scoil a chuir iarratas chugainn agus le gach múinteoir a chabhraigh leis na hiarratais seo.

Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun níos mó iarratas a fheiceáil.

Faoin gcomórtas

Cuirtear fáilte romhat do thuairimí maidir le hÉirinn i gceann 20 bliain a roinnt. Cuir isteach ar an gcomórtas póstaer atá á reáchtáil i gcomhar le Scoileanna Glasa. Cabhraigh le plean a chur le chéile le haghaidh thodhchaí na hÉireann… le haghaidh do thodhchaí féin

Ba mhaith leis an Aire Coveney, i gcomhar le Clár na Scoileanna Glasa de chuid an Taisce, do thuairim a fháil ar an gcuma a bheidh ar Éirinn in 2040.

Poster Competition
Poster Competition
Scroll to Top