An Creat Náisiúnta Pleanála – An Chéad Athbhreithniú

Cheadaigh agus d’fhoilsigh an Rialtas agus an tOireachtas próiseas athbhreithnithe an Chreata Náisiúnta Pleanála (NPF) i mí Aibreáin 2025. Soláthraítear an bunús atá leis an athbhreithniú agus déantar nuashonrú ar straitéisí réigiúnacha agus ar phleananna forbartha údaráis áitiúil sa NPF athbhreithnithe chun ábhair amhail figiúirí tithíochta nuashonraithe, fás réamh-mheasta post agus leithdháiltí acmhainneachta fuinnimh in-athnuaite a léiriú, lena n-áirítear trí thalamh a chriosú le haghaidh cónaithe, fostaíochta agus raon cuspóirí eile.

Tá cóip den Chreat Náisiúnta Pleanála – An Chéad Athbhreithniú, an Ráiteas Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MSC), agus gach measúnú tacaíochta comhshaoil ar fáil lena scrúdú ag an bpobal thíos agus mar seo a leanas:

  • Ag ceanncheathrú na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, le linn uaireanta oifige (9am go 5.30pm, Luan go Déardaoin agus 9am go 5.15pm ar an Aoine, gan laethanta saoire poiblí a áireamh) ón 11 Meán Fómhair 2025.
Scroll to Top